TÚS

 

Is mise Karol Mac Gairbheith agus is teicneolaí ailtireachta mé a d’fhill abhaile ó Londain mar gheall ar thinneas meabhrach, atá ag teacht chun sláinte arís trí staidéar ar an phéintéireacht.  

Le dearcadh agus meas as an nua, thosaigh mé ag péinteáil tírdhreach mo cheantar dúchais Gaoth Dobhair.

 

Mothaím go láidir ceangal le gluaiseacht ealaíne na Scoile Londain, go háirithe tar éis cónaí air faoi scáth Frank Auerbach agus Leon Kossoff mar dhuine fásta óg a raibh taitneamhach i ndath agus foirmeacha na cathrach. 

Sna 1970idí sheas na healaíontóirí sin go daingean leis an phointe gur beith péintéireacht an príomh-bhealach le suim ealaíne úsáideach a chur leis an domhan.

 

Tá mórchuid tionchar orm leis an solas lae speisialta atá le fáil in Iarthar Dhún na nGall in Éirinn agus ar an dóigh a bhfuil na tithí agus struchtúir scaipthe ar fud an dúiche a bíonn ag nochtadh as mó chomhair.

Tugann mó chuid scuabóireacht fuinniúil agus an úsáide de dathanna láidir dóigh dom mó chuid mothúchán a aistriú as mó ábhar isteach sna tírdhreacha, agus cuireann sé seo beatha isteach sna pictiúir. 

Ach déanaim iarracht teacht ar bhealach chun rud éigin a dhéanamh comh nua, athsmaoineamh ar cén chaoi is féidir liom leanúint de bheith ag obair le mó ábhar, a phróiseáil agus le spraoi an phéint.

 

Tugaim cuairt go minic ar thaispeántais ealaíne in Éirinn agus thar lear le aithne a chur ar theicnící stíleanna, agus formáidí na ealaíontóirí eile chomh maith le na healaíontóirí aitheanta. 

Ba bhreá liom léargas a thabhairt ar an táithí  a fhaighim ar na cuairteanna a thugam chuig na taispéantais sin, chomh maith lé ionspioráid agus spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí óga.

 

Fa choinne an chuid is mó, ní raibh de mhúinteoir agam ach mé féin. 

Rachaidh an taithí ealaíne seo, leis an treoir a fhaighim ó an ealaíontóir Peadar Mc Daid ag ‘Create-a-link,’ go mór chun sochair dom fhéin le theacht slán ón mheabharthinneas.


 
IMG_1751.JPG
IMG_2461.JPG
vai-member-caps.jpg